Teach an Mháistire

 

Brief History


Thóg Roinn Oideachais Shasana an teach sa bhliain 1906. Tógadh deich dteach ar chósta tuaithe Iarthar na hÉireann.
Is é an aidhm agus an sprioc a ba chúis leis seo ná oidí a mhealladh chuig ceantar ina raibh droch sheirbhís taistil poiblí agus infastructúr.

 

Master DugganBa é an chéad mhúinteoir a chónaigh sa teach ná Séamus Ó Dugáin. Cé go bhfuil sé seo suntasach ann féin, meádaíodh a chliú siocair gurb é seanathair mór ‘Clannad’ agus ‘Enya’. Ba é Aodh mac Mháistir Uí Dhugáin agus lean sé a athair sa phost is chónaigh sé sa teach ó 1930. Is í iníon s’aigesan Máire, a bhfuil ainm áitiúil ‘Baba’ uirthi, máthair ‘Clannad’ agus ‘Enya’..
I ndiadh don Mháistir Ó Dugáin imeacht, tháinig na Máistrí Ó Duibhir, Mac Fhionnlaigh agus Ó Gallachóir ina dhiaidh.

 

AISTRIÚ LÁIMHE

 

 

D’aistrigh an teach ó láimh Roinn Oideachais na Briotaine i 1922 chuig comhairle nua an Saorstáit agus túgadh an teach don eaglais Chaitliceach le bainistiú. Ba é an Máistir Ó Gallachóir an t-oide deireanach le cónaí sa teach sular fhág sé i 1953.
 

Cheannaigh teaghlach Uí Dhugáin as Mín a’ Chladaigh an teach cé nach raibh aon ghaol acu leis an chéad Mháistir Uí Dhugáin. Is col ceathracha iad na Dugáin leis na húinéirí reatha, mar atá teaghlach Uí Mhuirí.

 

 
Sa lá atá inniu ann tá an teach cóirithe agus tá caoi chaisiceach ach nua-aimseartha air. Cuireadh bail ar an seomra inar ghnách leis na múinteoirí ranganna breise a chur ar fáil is tá sé eagraithe mar sheomra teagaisc reatha ag aithint a chúlra agus úsáid stairiúil.