failte-new

Cé go bhfuil labhairt na Gaeilge agus foghlaim na Gaeilge lárnach don deireadh seachtaine, tá muid ag iarraidh nach gcaithfeá d’am ar fad sa seomra ranga.
Mar sin chuir muid na turais seo a leanas le chéile leis an timpeallacht aláinn atá thart orainn abhus sa chontae a thaispeáint duit, daoine cáirdiúla an cheantair a chur in aithne duit agus oidhreacht na háite a léiriú duit.



* Siúlóidí ar Inis Bó Finne;

 

* Siúlóidí sléibhte;

 

* Cuairt ar Ionad Cois Locha, Dún Lúiche – a ofrálann cuairt ar theach bhaile stairiúil, taispeántas fíodóireachta,chomh maith le túras ar Loch Dhún Lúiche;
 
* Cuairt ar an tábhairne áitiúil, áit a mbíonn talann iontach ann idir amhránaithe agus ceoltóirí;
 
* Comh maith sin, na déanaimis dearmad ar an cheangail atá idir Teach an Mháistire agus Tábhairne Leo (baile athair mór Clannad & Enya). I dTábhairne Leo eagraíonn muid cuairt. Tá an tábhairne lán de stair le pictiúir, le dlúthdhioscaí, agus leis na céadta díoscaí órga atá tuillte acu mar aon le grianghraif daoine móra le rá a thug cuairteanna ar Theach Leo. Bíonn an teaghlach ag ceol ansin go minic agus b’fhéidir go mbeadh an t-ádh ort bualadh leo.