House-smlTá Teach an Mháistire suite i nGaoth Dobhair, 12 míle ó Aerphort Dhún na nGall, Carraig Fhinn. Suíonn sé ag bun Chnoc Fola le radharcanna álainne den fharraige agus de na cnoic. Níl sé ach 7 mbomaite tiomána ón Bhun Beag. Tá 14 seomra leapa le seomraí folctha (ensuite) agus téilfíseáin. Tá páirceáil phríobhaideach ar fáil agus ar ndóigh tá cúlra ceoil iomráiteach ag dul leis an teach.

 

 

Is í Sorcha Ní Ghallchóir a bhíonn ag teagasc na gcúrsaí.
Cainteoir dúchais í Sorcha a rugadh agus a tógadh i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
Bí ag léamh tuilleadh fá na cáilíochtaí atá ag Sorcha agus amharc ar an fhiseán s’againn anseo…

 

Pioc dó chúrsa thíos (Roghnaigh)



CÚRSA DÓ THUISMITHEOIRÍ

Cúrsa dó thuismitheoirí le páistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna. Cúrsaí faoi leith dóibh siúd atá ag iarraidh áthbheocháin a dhéanamh ár an teanga agus go háirithe dóibh siúd atá ag iarraidh comhrá as Gaeilge lena gclann, le cuidiú leo le obair bhaile agus le gníomhaíochtaí ginearalta laethúla.

 

Tá fáilte roimh pháistí chomh maith teacht lena dtuismeitheoirí.

* Tabhair faoi deara más rud é nach féidir leat a bheith i láthair, tá fógra seachtain ar a laghad de dhíth le aisíoc iomlán a fháil.
Féach thíos le tuilleadh eolais ar na cúrsaí 2 lá agus 3 lá.



Cúrsa Chuimhní Siar

Tá cúrsa dhá lá d’iar-scolairí a d’fhreastail ar an Ghaeltacht ina n’óige agus ar mhaith leo siúl siar an bóthar faoi na laethanta a bhí siad anseo. Ach ná bí buartha muna raibh tú riamh i dTír Chonaill roimhe seo; anois do sheans le sult a bhaint as!

* Tabhair faoi deara más rud é nach féidir leat a bheith i láthair, tá fógra seachtain ar a laghad de dhíth le aisíoc iomlán a fháil.
Féach thíos le tuilleadh eolais ar na cúrsaí.